Tionscadal Chonradh na Gaeilge: People and Place


Tá an tionscadal 'People and Place' de chuid Chonradh na Gaeilge ag dul ó neart go neart agus daltaí fud fad Chúige Uladh ag foghlaim faoinár logainmneacha áitiúla. 

Bhuail Meon Eile isteach chuig Coláiste Shliabh Mis, An Baile Meánach, áit a raibh Lauren Ní Néill i mbun ceardlann leis na daltaí.

Is tionscadal é 'People and Place' ina ndírítear ar logainmneach Chúige Uladh agus ina bhfuil breis agus 2,000 dalta cláraithe le foghlaim faoina logainmneacha áitiúla.

Tá Lauren Ní Néill ina comhordaitheoir ar an togra agus d'inis sí do Meon Eile faoin obiar ar fad atá ag dul ar aghaidh mar chuid de. 

Tá leabhar faoin togra curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge chomh maith le podchraoladh a bheas ar fáil i rith an tsamhraidh.

Close
Close