Tionól TINTEÁN ag Oireachtas na Samhna 2026

Cuireadh tús le camchuairt an ghrúpa feachtasaíochta TINTEÁN ag deireadh mhí Mheán Fómhair agus oíche Dé hAoine seo caite, ba é in Óstán an Gleneagle, Cill Airne, Co. Chiarraí a bhí an tionól á chur ar siúl le linn Oireachtas na Samhna 2026.

Is scáthghrúpa pobalbhunaithe é TINTEÁN a bhíonn ag déanamh abhcóideachta maidir le géarchéim thithíochta na Gaeltachta. Is é John Prendergast – urlabhraí ón ghrúpa atá ina Oifigeach Abhcóideachta ó Dheas le Conradh na Gaeilge chomh maith – a bhí ag labhairt leis an tslua ar an oíche agus ag roinnt eolais agus fíricí a bhain leis an ghéarchéim. D’aithin sé na príomhchúiseanna atá ag cur leis an ghéarchéim seo, amhail tithe saoire agus an méid tithíochta atá ar cíos gearrthéarmach ar leithéidí AirBnB agus Booking.com, agus mhínigh sé na héilimh agus moltaí atá ag TINTEÁN le dul i ngleic leis na fadhbanna seo. Bhí neart cainte fosta ar Dhréacht-Ráiteas Pleanála Náisiúnta an Rialtais ó dheas agus ar na moltaí a leagadh amach ann.

Chuala an slua ó Éibhín Ní Shlattara, Oifigeach Pleanála Teanga Chiarraí Thiar le Tobar Dhuibhne, fosta agus í ag labhairt faoin taighde ‘Ó Bhéal an Phobail: Tithíocht i nGaeltacht Chiarraí Thiar’ a rinne an Dr Ann Nolan agus an Dr Neasa Ní Chiaráin ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath i gcomhpháirt le Tobar Dhuibhne.

Is féidir na sonraí uilig a bhaineann leis na dátaí eile de chamchuairt TINTEÁN a aimsiú ar a leathanach Instagram.

Close
Close