Tiomnú an chloig i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich

Bhailigh daoine le chéile i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar na mallibh chun ceiliúradh a dhéanamh ar stair na bPreispitéireach in Iarthar Bheal Feirste.

Is é Forbairt Feirste a d’eagraigh an t-imeacht mar chuid den togra ‘Ceiliúradh Caomhnóireachta’ inar nochtadh plaic in ómós don Mhinistir Robert Wilbur Gillespie, an ministir deireanach ar Eaglais an Bhealaigh Leathain, an t-ainm a bhí ar an Chultúrlann i dtús ama.

Rinne iníon de chuid an Mhinistir, Helen McElvey, an phlaic a nochtú taobh leis an seanchlog a bhí san eaglais.

I láthair ag an ócáid bhí an Fíor-Oirmhinneach an Dr. Richard Murray, Modnóir na hEaglaise Preispitéirí in Éirinn. Labhair Meon Eile leis faoin cheangal atá aige leis an Chultúrlann nó gurbh ann a baisteadh é sa bhliain 1965. 

Labhair muid fosta le Jake Mac Siacais, duine den lucht eagraithe, a leag béim ar a thábhachtaí atá sé naisc phobail a dhéanamh idir Iarthar Bhéal Feirste agus an Eaglais Phreispitéireach.

Close
Close