Seoladh an leabhair 'Óstán Mionainmhithe' i nGaelscoil Aodha Rua


I mí Márta, bhí Meon Eile i láthair ag seoladh leabhair, ‘Óstán Mionainmhithe’, a cuireadh le chéile i gcomhpháirt le daltaí rang a 3 ó Ghaelscoil Aodha Rua i nDún Geanainn agus leis an Aisaonad, Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste.

Bhí bród an domhain ar na páistí scoile agus a gcuid tuismitheorí a d’fhreastail ar an seoladh leis an leabhar speisiálta seo a cheiliúradh.

Labhair muid le príomhoide Ghaelscoil Aodha Rua, Móna Uí Dhochartaigh, faoin phróiseas seo agus mhínigh comhairleor Oideachais an tAisaonad, Mairéad Nig Uai,d cad as a dtáinig an spreagadh don leabhar.

Tá ‘Óstán Mionainmhithe’ ar fáil le ceannach ón Siopa Leabhar agus suíomh idirlín an Áisaonaid:

https://www.siopaleabhar.com/en/

https://www.stmarys-belfast.ac.uk/aisaonad/

Close
Close