Smaointe seanóirí faoin vacsaín

Nuair a chéad bhuail an coróinvíreas Éire ag tús 2020 bhí neart cainte ann faoin dochar a dhéanfadh sé don mhuintir aosta. Bhí ar a lán seanóirí iad féin a chur faoi ghlas sa teach gan aon teagmháil fhisiciúil acu le teaghlaigh ná cairde.

Ansin i mí na Nollag bhí an dea-scéal ann go mbeadh vacsaín réidh roimh i bhfad, rud arbh ábhar dóchais ag cách é. Cé go bhfuil imní ar a lán daoine go fóill faoin vacsaín, chuir sé sciar mór den phobal ar a suaimhneas, go háirithe iad siúd atá giota beag níos sine agus níos leochailí dá bharr.

Labhair Meon Eile le beirt seanóirí as Béal Feirste, Séamus Mac Seáin agus Máirín Hurndall, a thug tuairimí s’acu ar ré seo an víris agus ar an athrú a tháinig ar a saol i ndiaidh dóibh an vacsaín a fháil.

Close
Close