Seachtain Tástála VEID

Anuraidh bhí níos mó na 1,200 duine ina gconaí i dTuaisceart na hÉireann a raibh an víreas easpa imdhíonachta daonna (VEID) orthu agus tá an líon sin méadaithe ó shin. 

Is feachtas é Seachtain Tástála VEID arb é is aidhm dó an cheist seo a ardú chun daoine a spreagadh le haire a thabhairt dá sláinte ghnéis.

Níl i gceist leis an tástáil ach priocadh bioráin ar do mhéar, nó is feidir leat maipíneacht scornaí a fháil agus an toradh tástála a fháil i gceann lá nó dhó. Faoi láthair, tá roinnt mhaith de na hionaid sláinte gnéis faoi ghlas de bharr na dianghlásála ach is féidir tástáil a ordú chuig do theach. Má athraíonn páirtí s'agat go rialta, molann na heolaithe gur chóir duit tástáil sláinte gnéis a fháil achan 3 mhí.

Labhair muid leis an Dr. Cillian Ó Coinn atá ag obair mar dhochtúir comhairleach i réimse na sláinte gnéis i ndeisceart Londan, atá ar na ceantair is mó VEID san Eoraip. Labhair muid fosta le Clíodhna Ní Dhufaigh, Leas-Uachtarán na Gaeilge in Aontas na Mac Léinn in Éirinn, a bhíonn sí ag iarraidh sláinte ghnéis na mac léinn a chur chun cinn agus plé a chothú ar an ábhar.

Is féidir fearas tástála sláinte gnéis a fháil anseo agus tá níos mó eolais le fáil ar shuíomh The Rainbow Project agus Positive Life NI, más ó thuaidh atá tú. Má tá tú i do chónaí sa deisceart, is féidir dul chuig suíomh HIV Ireland.

Close
Close