Scoil na Fuiseoige ag filleadh ar scoil

Tá tús curtha le bliain úr acadúil ach is cinnte go bhfuil go leor athruithe agus dúshlán ann agus muid ag filleadh ar an scoil. Tugann Príomhoide Scoil na Fuiseoige, Caoimhín Williamson, léargas do Meon Eile ar na rudaí atá á ndéanamh ag an scoil leis an timpeallacht is sábháilte a thabhairt do na páistí agus múinteoirí.

Tá tuilleadh brú ar scoileanna sa saol nua seo atá againn de bharr phandéim Covid-19. Tá Scoil na Fuiseoige ag dul i ngleic leis seo le fógraí thart ar an scoil, an scaradh sóisialta idir na múinteoirí agus páistí srl.

Is mór an difear idir an saol scoile reatha agus an dóigh a raibh cúrsaí anuraidh ach is sólás é don phobal iomlán go bhfuil páistí in ann filleadh ar an scoil go sábháilte.

Close
Close