Rothaíocht le Daire Ní Chanáin

Is modh aclaíochta éifeachtach é an rothaíocht go háirithe i dtrémhse seo na dianghlasála. Ní hamháin sin ach cuidíonn sé le cúrsaí timpeallachta agus, mar gheall ar na priacail a bhaineann le sláinteachas ar iompar poiblí faoi láthair, is modh taistil níos sabháilte é an rothar.

Labhair Daire Ní Chanáin le Meon Eile faoi na buntáistí a bhaieann le bheith i do rothaí. Tugann sí muid ar thuras thart ar chathair Dhoire agus í amuigh ag rothaíocht agus scaradh sóisialta á chleachtadh aici lena cara Coraí Ní Annaidh.

Close
Close