Féile na hAbhann is ainm do cheiliúradh bliantúil a eagraíonn trí cheantar cois Lagáin i ndeisceart agus oirthear Bhéal Feirste mar atá an Trá Ghearr, na Margaí agus Bóthar Ormeau Íochtarach.
Bhí sé á reáchtáil den seachtú bliain ar na mallaibh agus thug Meon Eile cuairt ar an chéad lá den fhéile.
Is imeacht ‘Baby Trad’ a bhí ar siúl i nGairdín Cúil an Droichead agus ba í an chéad ócáid a eagraíodh sa spás dúlra seo i ndiaidh a athchóirithe. Tá an láthair suite ar chúl an ionaid pobail ar Bhóthar Ormeau Íochtarach.
Labhair muid le Tara Gibney faoin spás nua agus faoin sprioc atá ag an eagraíocht spás sábháilte a chur ar fáil do pháistí an cheantair.
Mhol sí an obair chrua a rinneadh ar an togra seo agus is léir an t-athrú atá tagtha ar an an áit ó bhí Meon Eile ann i mí Dheireadh Fómhair 2025. Amharc anseo chun an spás a fheiceáil ag fíorthús na hoibre!
Is í Heather Floyd an tOifigeach um Chomhtháthú Pobail atá ag LORAG (Lower Ormeau Resident’s Action Group). D’inis sí dúinn faoi fhás agus forbairt na féile agus faoin aiseolas iontach a fhaigheann siad ón phobal bliain i ndiaidh bliana.


