Raidió Fáilte: Oscailte don Phobal i gcónaí

Bhí Oíche Ionduchtaithe ag Raidió Fáilte, stáisiún pobail Bhéal Feirste, oíche Dé Máirt le haghaidh daoine a bhíodh ag craoladh leis an stáisiún nó daoine a rinne ceann de na cúrsaí traenála i scileanna raidió agus craoltóireachta.

Tá na hoícheanta ionduchtaithe dírithe ar dhaoine a bhfuil roinnt taithí acu ar an chraoltóireacht agus ar spéis leo clár a dhéanamh le Raidió Fáilte, bíodh sé ina chlár seachtainiúil, ina shraith de mhéid áirithe cláracha nó ina chlár faoi leith. 

Thug Meon Eile cuairt ar fhoireann Raidió Fáilte agus iad ag cur na hócáide i láthair. Labhair muid le Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh, an tOifigeach Traenála agus Léiriúcháin, agus le Darragh Mac DónaillTeicneoir Stiúideo an stáisiúin. 

Beidh Oíche Ionducthaithe eile ar siúl Dé Máirt 14 Feabhra agus tá fáilte roimh chách. Má tá spéis agat a bheith i láthair aige nó má tá sé ar intinn agat scileanna craoltóireachta a fhoghlaim trí mheán na Gaeilge, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an stáisiún ar 028 9031 0013 nó cuairt a thabhairt ar shuíomh s'acu anseo.

Close
Close