Ollscoil na Banríona - Foghlaim agus Feachtasaíocht na Gaeilge

Tá rath ar chúrsaí léinn na Gaeilge in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste agus mic léinn ag tabhairt faoi réimse leathan cúrsaí éagsúla a mbaineann an Ghaeilge leo.

Is i roinn bheag, ach roinn shaineolach, atá na mic léinn agus is é Micheál Ó Mainnín atá ina Cheann Roinne.

Ach cad faoi thaobh amuigh den oideachas féin?

Níl aon Oifigeach Gaeilge ag Aontas na Mac Léinn faoi láthair agus, le heaspa feiceálachta na teanga ar champas na hOllscoile, tá an Cumann Gaelach agus mic léinn eile i mbun feachtasaíochta.

Thug Meon Eile cuairt ar Ollscoil na Banríona chun labhairt le foireann agus le mic léinn an choláiste.

Close
Close