Nósanna na mBainiseacha

Colm Duffin

Tús an tsamhraidh. Nach breá é?

An ghrian ag spalpadh anuas (idir na ceathanna fearthainne ar ndóigh).

Turais chun na Gaeltachta. Daoine ag dul ar saoire. Na hoícheanta fada amuigh sa ghairdín agus an ghrian ag dul a luí go drogallach fadálach faoi mar a bheadh sí ag troid go ceanndána le titim na hoíche.

Ach is ionann an samhradh domsa i mbliana agus bainiseacha – idir bhainiseacha teaghlaigh agus bhainiseacha cairde.

Agus de ghnáth ní bhíonn le déanamh ag an mhórchuid againn ach culaith dheas a chur orainn féin agus sult a bhaint as an lá.

Ach ní mar sin é do na tithe sin atá ag ullmhú don lá mór agus seo roinnt comharthaí sóirt a thugann le fios go bhfuil tú i gceann de na tithe áirithe sin.

Glaine ár dTigh, Neart ár gCart’, agus beart de réir an Dyson

Ní féidir ach samhail Denzel Washington sa scannán úd Cleaner a thabhairt don sciúradh agus don ghlanadh a thugtar don teach atá ag ullmhú do bhainis – níl aon chúinne beag in aon seomra nach seachnaíonn scrúdú agus ionsaí an ghlantóra deannaigh ná an fholúsghlantóra... taobhanna na dtolg go fiú!

Agus bíodh leithscéal maith ar bharr do theanga agat má shíleann tú suí fút ar an tolg os comhair na teilifíse seal beag gairid agus an glanadh ar fad faoi lán seoil!

Binse Fiosrúcháin na mBeadaithe

Is cuma le Binse Fiosrúcháin na mBeadaithe faoi ghúnaí agus faoi chultacha áille na bainise.

Agus ní suim leis ach an oiread bláthanna gleoite, stíl ná galántacht an lae.

Agus ní bhuaireann sé a cheann faoi na bannaí ceoil sin a fhágann a mbíonn i láthair ag bárcadh allais ar a mhéad a bhíonn siad ag damhsa agus ag spraoi.

Óir, is é caighdeán (agus méid) an bhia an t-aon rud a bhíonn ag déanamh buartha don Bhinse Fiosrúcháin áirithe seo.

Nach bhfuil a fhios againn ar fad faoin am seo gurb é an bia an t-aon slat tomhais atá againn ar bhainiseacha?

Nuair a fhiafraítear go soineanta den lánúin mar sin cad é a bheidh le hithe ag an choirm, bíodh sé le tuiscint acu gur imscrúdú dian tromchúiseach é seo agus go bhfuil freagra sásúil ag teastáil ón ionchúiseamh.

An seanchas gearr an seanchas is fearr

Cá huair a bheidh na hóráidí – roimh an bhéile nó ina dhiaidh?

Cé chomh géar binbeach a bheidh tú?

Cuirtear roinnt ceisteanna séimhe mar seo i dtaca leis na hóráidí ach níl iontu i ndáiríre ach géarú goile sula mbaintear amach bunrúta an scéil...

Cá fhad ar fad a mhairfidh na hóráidí?

Seo an t-aon bhlúire eolais a theastaíonn.

Ach ní ceist per se í seo, nó is minic a thagann rabhadh sna sála uirthi, mar atá, “Coinnigh súil ar an chlog” agus “Ná déan paidir chapaill de, tá bia le hithe, deochanna le hól agus drochgheáistí damhsa le déanamh againn!”

Ní hé lá na gaoithe lá na mbainiseacha

Tá a fhios ag an saol gurb ionann aimsir mhaith agus giúmar maith.

Agus is ionann an dá rud seo agus deiseanna iontacha le grianghraif áille a ghlacadh, rud a chuirfidh dea-spionn ar gach duine ón ghrianghrafadóir go lucht Snapchat na bainise!

Dá réir sin, is cuma aon rud eile a bheith ar an tseilf am na bainise ach Leanbh Phrág - é suite i lár báire agus tús áite agus urraim dhílis á thabhairt dó.

In amanna, áfach, shílfeá gur fearr guí le Naomh Antaine na mbáirí buailte ó tharla an aimsir a bheith chomh claochlaitheach sin abhus anseo!

Léigear na Lánúine

Agus lá na bainise ag teannadh leat, tagann an grúpa cairde is fearr leat (mar dhea) i gceann a chéile (agus i ngan fhios don lánúin féin) go mbailíonn siad na bianna agus na leachtanna is déistiní amuigh.

Dá mhíofaire iad is é is fearr iad.

Seo agat gnáthoideas a bheadh in úsáid ag na cairde céanna sin ar an lánúin:

Faigh buicéad mór domhain;

Caith isteach uibheacha a bheadh ar aon dul i ndath agus i gcosúlacht le huibheacha glasa Dr. Seuss;

Cuir isteach an bia madraí de réir a chéile;

Ansin measc thart le bainne géar agus citseap trátaí é;

Ramhraigh an meascán le plúr;

Aon rud as dáta? Fút féin atá sé iad a chaitheamh isteach sa mheascán!

Cuir clár ar an bhuicéad agus ná bain dó go mbíonn boladh uaidh a chuireann cáithníní ar do chraiceann agus go mbíonn coincleach air;

Ansin eagraigh am agus lá leis an lánúin a cheangal de leantóir;

Caith an t-oideas (go grámhar) ar an lánúin;

Tiomáin thart an paróiste agus cuir fíorchaoin na fáilte roimh na comharsana agus muintir an bhaile ar fad cur leis an léigear ar an lánúin.

An mbeidh lá eile ag an Phaorach?

Níl ní ar bith is fearr le daoine eile roimh an bhainis nó lena linn ach iad siúd atá singil nó ‘in aois a bpósta’ a chéasadh agus a chur faoi dhianagallamh gan trácht ar an dúrud brú le ceisteanna mar seo:

“Nach bhfuil sé in am duit socrú síos?”

“Cá huair atá tú féin ag dul a thabhairt lá mór dúinn?”

“Nach mithid duit féin an ghlúin a chromadh?”

Arú, cá mbeimis gan na nósanna céanna seo – olc, aisteach nó neamhthrócaireach agus uile mar atá siad?

Tá súil agam féin nach mbristear aon cheann acu!

Close
Close