Eagraíodh pléphainéal ar na mallaibh a bhí dírithe ar ‘Ról na nGael i dTógáil Éire Nua’. Is in Ionad an ICC i mBéal Feirste le linn Oireachtas na Samhna a thit an plé amach.
Bhain an díospóireacht leis an ról a bheidh ag cainteoirí Gaeilge maidir le hÉirinn Nua a mhúnlú sna blianta amach romhainn. Is í an léiritheoir agus an craoltóir, Edel Ní Churraoin, a bhí ina cathaoirleach ar an phainéal, agus is iad Uachtarán reatha Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, chomh maith le beirt iarUachtarán ar an Chonradh, Paula Melvin agus an Dr Niall Comer, a ghlac páirt sa phlé.
Cuireadh fáilte roimh chách ag an imeacht agus tugadh deis don lucht éisteachta páirt a ghlacadh sa chomhrá.
Bhí Meon Eile i láthair agus labhair muid le Niall agus Ciarán.
Is é Coimisiún um Thodhchaí na hÉireann, Sinn Féin, a d’eagraigh an t-imeacht i gcomhpháirt le hOireachtas na Samhna 2025.


