Múrphictiúr nua de mhná spreagúla i mBéal Feirste

Nochtadh múrphictiúr spreagúil ar na mallaibh ar bhallaí Choláiste Feirste. Is rud coitianta é an múrphictiúr i mBeál Feirste gan amhras, agus tá traidisiún láidir múrmhaisithe ar fud na cathrach.

Déanann an ceann nua seo ceiliúradh ar shaol ban stairiúl a raibh tionchur acu ar ghluaiseachtaí éagsúla ar fud an domhain. Is iad Michael Docherty agus Mairtín Devine an bheirt taobh thiar den saothar.

I measc na mban atá le feiceáil ann tá na gníomhaithe Mairéad Ní Fhearail agus Bernadette Devlin as Éirinn agus Rosa Parks agus Angela Davis as na Stáit Aontaithe, mar aon le mná mór le rá ó shaol na heolaíochta, na scríbhneoireachta agus an oideachais.

Beirt mhuinteoirí staire sa scoil, Caitlín Ní Ruanaidh agus Feargal Mc Cluskey, a tháinig chun cinn leis an smaoineamh agus iad ag iarraidh na daltaí scoile, go háirithe cailíní, a spreagadh. Is minic a dhéantar dearmad ar mhná sna leabhair staire agus, in amanna, glantar ról s’acu go hiomlán ó na sceáltaí. creidiúint tuillte ag na mná seo agus tá Coláiste Feirste ag iarraidh sin a léiriú ar bhealach físiúil.

Ceann de na múrphictiúir a nochtadh ná íomhá in ómós do na mná a bhunaigh Gaeltacht Bhóthar Seoighe, agus an scoil atá ann, níos mó ná 50 bliain ó shin. Tháinig triúr de na mná sin - Áine Nic Iolair, Bríd Mhic Sheáin agus Caitlín Mistéil - go Coláiste Feirste chun an múrphictiúr a sheoladh go hoifigiúil. 

Bhí an t-ádh ar Meon Eile cuireadh a fháil chuig an imeacht leis an ealaín ghalánta spreagúil seo a fheiceáil.

Close
Close