Logainmneacha Oirthear Bhéal Feirste le Turas

Bhailigh daoine le chéile in Ionad Skainos ar Bhóthar Nua na hArda in oirthear Bhéal Feirste ar na mallaibh le léargas a fháil ar logainmneacha Gaelacha an cheantair.

Is é Turas a d'eagraigh an ócáid, atá ar an togra is déanaí de chuid an eagrais trasphobail chun an Ghaeilge a chur chun cinn in oirthear na cathrach agus a úsáid mar uirlis athmhuintearas.

Bhí Meon Eile i láthair ag an imeacht, áit ar fhoghlaim achan duine go leor rudaí suimiúla faoin dúiche agus faoin teanga. Labhair muid le hAodán Mac Séafraidh ó Turas faoin dóigh a gcuidíonn na logainmneacha le tuiscint níos fearr a chothú ar an stair agus ar an oidhreacht áitiúil.

Close
Close