Lá stairiúil do chearta Gaeilge ó thuaidh


Lá stairiúil a bhí ann inné nuair a d'fhógair Rialtas na Breataine in Westminster an chéad chéim i dtreo reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach sna Sé Chontae.

Bhailigh baill den ghrúpa pobail An Dream Dearg le chéile ar Chnoc an Anfa inné chun an scéal stairiúil a aithint agus labhair Meon Eile leo faoin scéal mór.

Dar le Cuisle Nic Liam gur céim sa treo ceart é an nuacht is deireanaí ach nach bhfuil ann ach an chéad chéim den phróiseas. Caithfear súil a choinneáil ar an dul chun cinn le cinntiú go mbeidh reachtaíocht chuí ann chun an teanga a chosaint.

Luaigh Aodhán Ó Baoill an tábhacht a bhaineann leis an fhógairt do phobal na Gaeilge ó thuaidh i ndiaidh breis agus 17,000 duine teacht amach ar son cearta teanga ag an deireadh seachtaine.

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, urlabhra leis An Dream Dearg:

“Dé Sathairn, d’fhreastail beagnach 20,000 duine ar an mhórshiúl Gaeilge is mó ariamh. Dúirt muid leo go mbainfeadh muid ár gcearta teanga amach agus tá muid beagnach ann. Beidh Acht Gaeilge againn. Sin ráite, titfidh an reachtaíocht sin go mór faoi na coimitmintí a tugadh dúinn i gComhaontú Chill Rímhinn, go háirithe nuair a chuirtear i gcomparáid le múnla na Breatnaise í. Ach, is dul chun cinn stairiúil é seo inár bhfeachtas ar son chearta teanga agus aithníonn muid seo mar chlochmhíle shuntasach inár n-aistear i dtreo comhionannais anseo.

Tuigeann Rialtas na Breataine iad féin go bhfuil bunús na reachtaíochta seo ag brath ar thoil pholaitiúil chun go mbeidh feidhm ar bith leis. De bhrí gur chúlaigh an DUP óna gcoimitmintí an reachtaíocht seo a thabhairt isteach faoi mar a gealladh i Ré Nua Cur Chuige Nua, agus nach bhfuil aon Chéad Aire nó Leas-Chéad Aire againn anseo chun an reachtaíocht seo a chur i bhfeidhm, is gá do Rialtas na Breataine Coimisinéir a cheapadh láithreach ar féidir leo na caighdeáin a fhorbairt. Beidh sin mar an chéad scrúdú litmis do Rialtas na Breataine. Is rud amháin é reachtaíocht a bheith agat, ach is ceist iomlán eile é an reachtaíocht sin a fheidhmiú. Gan an gníomh láithreach sin, ní fiú faic í an reachtaíocht seo. 

D’fhás athbheochan na Gaeilge anseo go hiomlán ón bhun aníos, gluaiseacht a tharraing aitheantas agus cáil fud fad na cruinne; le pobail áitiúla ag roghnú a saolta a chaitheamh trí Ghaeilge agus fíorú na físe sin trína scoileanna féin a bhunú agus trí sheirbhísí agus tionscadail cheannródaíochta a chur ar bun iad féin. Anois an t-am don stát páirt s’acu a dhéanamh fosta.”

Close
Close