Eagraíodh maidin chaife ar son na Palaistíne ag tús Fhéile na Carraige i mBéal Feirste ar na mallaibh. Is é an grúpa Mothers Against Genocide a bhí i mbun na hócáide, áit a raibh tobshiopa agus ceardlann BDS chun airgead a bhailiú agus feasacht a ardú faoi chás na Palaistíne.
Is féile phobail Ghaelach í Féile na Carraige a reáchtálann Glór na Móna gach bliain. Déantar ceiliúradh ar an Ghaeilge lena linn agus cuireann siad an díchoilíniú agus an athghabháil teanga chun cinn.
Labhair muid le hEoghan Ó Conghaile agus Tarlach Barclaigh ó Ghlór na Móna, a d’inis dúinn faoi mhórthéamaí na féile agus faoin tábhacht a bhaineann le dlúthpháirtíocht leis an Phalaistín a léiriú ar chlár na féile.
D’inis Órla Nig Oirc dúinn faoin phobal láidir atá á thógáil ag Glór na Móna trí na féilte a chuireann siad ar fáil. Deir sí go bhfuil an t-ionad iontach tábhacht di, go háirithe agus í ag tógáil mac óg s’aici le Gaeilge.
