I bhfad ó bhaile: Tionchar COVID-19 san Astráil

Seo an dara fhíseán sa tsraith ina labhraíonn Meon Eile leis an diaspóra Gaelach faoi thiochar COVID-19 ar shaol an uile lae ar fud an domhain agus faoin dóigh a mothaíonn siad agus iad i bhfad ó bhaile sa tréimhse chorraitheach seo.

Bhog Aodán Mag Uidhir chun na hAstráile sa bhliain 2011 agus is ansin atá cónaí air ó shin. Chuir Aodán tús leis an bhliain 2020 le post nua, gealltanas pósta idir é féin agus a fhear Nick agus bhog siad go teach nua. Ach i mí an Mhárta, scaipeadh COVID-19 san Astráil agus cé go bhfuil sí ar cheann na tíortha is lú ráta báis, tá an víreas ag dul i bhfeidhm go mór ar an ghnáthshaol gan aon amhras.

Labhraíonn Aodán Mag Uidhir, fear a bhfuil cónaí air san Astráil, linn faoi na himpleachtaí a bhaineann leis an choróinvíreas ar shaol an uile lae in Brisbane agus faoi na rudaí atá ar siúl aige féin agus a chéile lena misneach a choinneáil lena linn sin.

Close
Close