Glór na Móna – 20 bliain ar an fhód

Is eagraíocht phobail é Glór na Móna a chuireann an Ghaeilge chun cinn le scéimeanna, grúpaí óige, ranganna agus féilte in Iarthar Bhéal Feirste.

Tá Glór na Móna ag ceiliúradh 20 bliain ó bhunaigh grúpa gníomhaithe óga ón phobal áitiúil an eagraíocht. Ó shin i leith tá forbairt ollmhór tagtha ar Glor na Móna ó oifig amháin sa bhunscoil in aice láimhe, Gaelscoil na Móna, go dtí an mol atá ina lárionad Gaeilge in Uachtar Chluanaí. Tá fás tagtha ar an fhoireann chomh maith agus ar na seirbhísí a chuireann siad ar fáil. Lena chois sin tá pleananna móra acu foirgneamh úrnua a thógail.

Bhuail Meon Eile le triúr ó fhoireann Ghlór na Móna: Ciarán Mac Giolla Bhéin, atá ar an fhoireann ón chéad lá; Eoghan Ó Garmaile, an tOifigeach Tionscadail Pobail; agus Caoimhe Nic Cú Uladh atá ina hOibrí Óige. Labhair siad faoin obair iontach atá á déanamh ag Glór na Móna don phobal agus faoin fhás atá tagtha ar an togra thar na blianta.

Close
Close