Tá grúpa úr, Gaelphobal Ard Mhacha Theas, ag feidhmiú leis an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga phobail in oirdheisceart Uladh. Tuismitheoirí atá ag tógáil clann le Gaeilge iad cuid mhór de bhunaitheoirí an ghrúpa.
Labhair muid leofa ag picnic teaghlaigh a d’eagraigh siad i mBaile na Lorgan faoin ghaelphobal úr agus faoin méid atá rompu.