'Gaeil an Ghleanna' ar an fhód

Le linn na paindéime, tháinig baill de phobal na Gaeilge in Uachtar na bhFál i mBeal Feirste le chéile le cumann nua Gaelach a chur ar bun.

'Gaeil an Ghleanna' atá ar an chumann agus tá sé i gceist acu imeachtaí Gaeilge a chur ar fáil do cheantar Bhóthar Bhaile Andarsan agus Bhóthar na Ghleanna, suas go dtí bhun Bhóthar Suffolk.

Cé go bhfuil an Ghaeilge ag fás agus ag forbairt sna ceantair seo le tamall, ní raibh mórán imeachtaí ar siúl iontu agus bhí ar dhaoine taisteal chuig áiteanna eile sa chathair. Anois le Gaeil an Ghleanna beidh ócáidí ar siúl ar leac an dorais acu.

Chuir srianta Covid-19 isteach ar chuid de na pleananna a bhí ag an chumann ach tá na baill dóchasach go mbeidh lear mór rudaí ar siúl acu sna míonna atá romhainn.

Close
Close