Féile 'Zero Waste' i nDoire

Is grúpa timpeallachta é 'Zero Waste North West' a bhíonn ag brath ar oibrithe deonacha chun a chuid oibre a chur i gcrích.

Bhí an-rath ar an fhéile 'Enough Stuff' a d'eagraigh siad an deireadh seachtaine seo caite agus ag a raibh slua mór i láthair chun sult a bhaint as imeachtaí teaghlaigh ar nós fáscadh úll, bailliú cnónna, athchúrsáil bruscair, físeáin, ceolchoirm agus graifití le caonach.

Tá truailliú timpeallachta agus cur amú áiseanna agus bia go mór i mbéal an phobail na laethanta seo, ach cad is fiú an chaint gan gníomh ag dul léi?

Tá muintir chathair Dhoire agus mórcheantar an iarthuaiscirt ag dul i ngleic leis an fhadhb go héifeachtúil, ag scaipeadh eolais agus ag cur ceardlanna ealaíne agus cócaireachta faoin téama ar fáil don gnáthphobal. 

Tá smaointe iontacha curtha chun cinn acu ar dhóigheanna maithe le tionchar s'agat ar an timpeallacht a laghdú agus athchúrsáil a dhéanamh ar an ghnáthbhruscar chun nithe gleoite a dhéanamh le do chlann.

Bainigí triail astu! 

Chun teacht ar a thuilleadh eolais, téigí go: https://zerowasteeurope.eu/portfolio/zero-waste-north-west/ 

Close
Close