Féile na gCloigíní Gorma

Nuair a thosaíonn na cloigíní gorma ag bláth ar an Sliabh Dubh i mBéal Feirste, ciallaíonn sin dhá rud do mhuintir an Uachtair Chluanaí: go bhfuil an samhradh ag teacht agus go mbeidh féile an cheantair ag tosnú roimh i bhfad.

Thosaigh Féile na gCloigíní Gorma anuraidh agus ón am sin, tháinig fás mór ar an fhéile.

Bhí trí théama ag an fhéile i mbliana: Pobal, Sláinte agus Dlúthpháirtíocht.

Reachtáladh roinnt imeachtaí a bhain leis na téamaí sin, achan rud ó shiúlóidí agus lá sláinte go seoladh scannáin agus plé.

Bhí rud ann d'achan duine, ba chuma cén aois, agus ealaín, ceol, spórt, díospóireacht agus, ar ndóigh, craic den scoth ar fáil ar feadh na seachtaine.

Seo blaiseadh d'Fhéile na gCloigíní Gorma 2018.

Close
Close