An fhéile Climate Craic 2022

Tá Climate Craic ar an chéad fhéile aeráide i dTuaisceart na hÉireann agus bhí an dara eagrán de ar siúl i bPáirc Ormeau, Béal Feirste, ar na mallaibh.

I measc na ndaoine a raibh stainnín acu ag an fhéile bhí Moya Ní Dhúgáin as Dún na nGall, tionchaire a reáchtálann siopa malartaithe éadaí darb ainm 'Switch'. Satharn breá grianmhar a bhí ann agus bhí atmaisféar álainn i ndeisceart Bhéal Feirste. Tháinig neart daoine chuig stainnín Moya chun na réimse leathan éadaí a fheiceáil, éadaí a dheonaigh Moya í féin, baill a teaghlaigh agus a cairde.

Is eagras neamhbhrabúis é Climate Craic, a bunaíodh i dtús 2021, agus is foireann oibrithe deonacha atá ina bhun. Is é an aidhm atá acu gnéithe dearfacha den ghníomhaíocht aeráide a thabhairt chun solais, daoine a thabhairt le chéile agus dóchas a chothú i leith na timpeallachta. Eagraíodh an fhéile le tacaíocht ó The Climate Coalition mar chuid de #GreatBigGreenWeek, ó Natural World Products agus ó Friends of the Earth Northern Ireland.

Is cúis imní é an t-athrú aeráide sa domhan inniu agus tá an fhadhb ag dul in olcas achan lá. Léirigh Moya dúinn áfach go bhfuil céimeanna beaga ann is féidir a dhéanamh chun dul i ngleic leis an imní a mhothaíonn muid, amhail éadaí athláimhe a cheannach. Tá leathanach Instagram ag Moya, 'Environmental Éadaí', áit a ndíríonn sí ar chúrsaí aeráide agus ar dhóigheanna praiticiúla le déileáil leis. Thig leat í a leanúint ar Instagram anseo.

Close
Close