Feachtas Bailithe Bréagán

Don tríú bliain as a chéile, tá Cumann CLG Pádraig Sairséil i mBéal Feirste tar éis Feachtas Bailithe Bréagán a chur ar bun leis an Glen Community Centre, chun a chinntiú go bhfaigheann gach páiste bronntanas an Nollaig seo.

D'fhéadfadh an Nollaig a bheith ina tréimhse dhúshlánach do go leor teaghlach, go háirithe anois agus an costas a bhaineann leis an ghéarchéim mhaireachtála ag dul in olcas agus praghsanna ag ardú. Ní hamháin go bhfuil daoine ag streachailt le híoc as leictreachas agus teas, ach tá strus breise ann maidir le bia, éadaí agus bronntanais.

Anois níos mó ná riamh, tá an tábhacht leis an Fheachtas Bailithe Bréagán de chuid Chumann CLG Pádraig Sairséil.

Labhair Meon Eile le Róisín Mhic an Lia agus Fiona Nig Uidhir ó Chumann Pádraig Sairséil faoin tábhacht a bhaineann le cuidiú le daoine ag an am seo den bhliain, ach tuigeann siad gur am trom é d’achan duine faoi lathair.

Má tá tú in ann airgead nó bréagáin a bhronnadh ar an Fheachtas Bailithe Bréagán, is féidir leat iad a thabhairt don Chumann nó don Glen Community Centre. Cé go ritheann an feachtas go dtí an 4 Nollaig, beidh fáilte roimh thabhartas tar éis an ama sin chomh maith.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Close
Close