Bhí Féile Charn Tóchair ar siúl arís i mbliana idir 1-14 Iúil.
Bhí neart ag dul ar aghaidh mar is gnáth le lá spraoi teaghlaigh, turas slí oidhreachta, rith, scoil samhraidh agus eile.
Bhí Meon Eile i láthair do Scoil Samhraidh Charn Tóchair chomh maith le cúrsa nua do dhaoine fásta.
Bhí áthas ar Choiste Forbartha Charn Tóchair an cúrsa nua do dhaoine fásta a chur ar fáil. Bhí trí leibhéal ar fáil; bunrang, meánrang agus ardrang ionas go mbeadh deis ag gach duine freastal ar na ranganna.
Bhí cuid mhór rudaí ar siúl do pháistí chomh maith – idir ealaín, spórt, cheol agus dhamhsa – agus bhí an Ghaeilge i lár an aonaigh le linn na seachtaine.
Beidh níos mó eachtraí ag tarlú i gCarn Tóchair san am amach romhainn agus is féidir níos mó eolais a fháil ar an suíomh ag www.ancarn.org