Daltaí Choláiste Feirste ag cur béime ar shábháilteacht ar bhóithre

Daltaí Choláiste Feirste ag cur béime ar shábháilteacht ar bhóithre

Tá an méid daoine a fuair bás ar na bóithre i ndiaidh ardú 23% ó thús na bliana.

De réir tuairisc a d’fhoilsigh an Údaráis Um Shábháilteacht ó dheas an tseachtain seo caite fuair 30 duine bás idir Eanáir agus Feabhra 2013, i gcomparáid le 23 le linn na tréimshe céanna anuraidh.

Sa bhliain 2012 maraíodh 48 duine ar na bóithre i dTuaisceart na hÉireann. Cé go bhfuil an figiúr seo ar an líon is ísle a bhí ann le breis agus 80 bliain, tá daoine óige idir 18 – 24 i níos mó baoil chun fulaingt de bharr timpistí bóthair ná aon aois ghrúpa eile.

Tá daltaí ó Choláiste Feirste i ndiaidh dráma a chumadh chun béim a chur ar an tábhacht a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre.

D’éirigh le Féile an Phobail deontas a fháil ón DOE chun an dráma seo a léiriú agus chun daoine a chur ar an eolas faoin tábhacht a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre.

Is dráma faoi leith é ‘A Chance to Change’ ina bhfuil tragóid uafasach ann ar dtús nuair a fhaigheann cailín óg bás i dtimpiste bóthair. Ansin áfach léiríonn na daltaí an dráma arís, an uair seo bíonn deis ag an lucht féachana an dráma a stopadh agus athruithe a dhéanamh chun iarracht cosc a chur ar an timpiste agus bás an chailín óg a sheachaint.

Tugann an dráma seo feasacht do daoine, déagóirí ach go háiraithe, súil a choinneáil amach agus a bheith níos cúramaí ar na bóithre.

Sábhailteacht ar bhóithre / Sarah de Búrca

Faoi láthair tá ‘A Chance to Change’ ar siúl i scoileanna timpeall Bhéal Feirste. Beidh sé á aistriú go Gaeilge go luath agus an dráma Gaeilge ‘Deis Duit Athrú’ á léiriú i scoileanna éagsúla timpeall iarthar na cathrach.

Close
Close