Dónall Mac Giolla Chóill
Nuair a tháinig Eoin Pól II go hÉirinn ag deireadh Mheán Fómhair 1979, bhí mise ag tarraingt ar dhá bhliana d’aois.
Bhí mo bhreithlá 10 lá ar shiúl, ach go dtí an lá atá inniu ann, tá mé cinnte go bhfuil cuimhne agam ar an ócáid.
Deir siad siúd ar saineolaithe féincheaptha iad nach bhfuil seo ina fhéidearthacht, gur bréagchuimhne atá ann, nach dtiocfadh liom a leithéid de chuimhne a bheith agam.
Seo na daoine céanna a chaithfeadh tráthnóna liom ag argáil liom go bhfuil mo ghruaig dubh, nuair atá mise cinnte go bhfuil sí donn (tá sé cúpla bliain anois ó bhí an díospóireacht seo againn mar sa lá atá inniu ann tá aontú idirnáisiúnta sínithe a deir go sóiléir go bhfuil mo chuid gruaige liath.)
Gach seans áfach gur bréagchuimhne atá sa mhéid go raibh mise ag rith suas chuig an teilifís ag iarraidh an Pápa a fheiceáil agus é ag turlaingt ó na flaithis.
Ach bhí meas ar an Phápa sna laethanta sin.
Bhí beirt acu sa seomra suí againn.
Bhuel, ní raibh dhá Phápa againn, bhí dhá phictiúr againn.
Ceann acu an ‘Sean-Phápa’ mar a tugadh air i dtoigh s’againne, is é sin Eoin Pól I, aoibh gháire air agus súile taobh thiar de na spéaclóirí cruinne sin.
Pictiúr beag de a bhí ann, sáite i gcúinne fráma pictiúir níos mó d'fear óg fuinniúil i gclóca mór dearg agus bairéad beag bán, sin an ‘Pápa Úr’, Eoin Pól II, an fear a tháinig go hÉirinn, fear mo bhréagchuimhne.
Anois i mí Lunasa na bliana seo, chóir a bheith 40 bliain ar aghaidh agus gruaig liath ar an leanbh a bhí ina shuí ar ghlúin máthara in 1979, tá Pápa eile ag teacht chun na tíre.
Beidh Proinsias linn ar feadh dhá lá idir 25-26 Lúnasa, agus beidh sé ag freastal ar Chruinniú Domhanda Teaglaigh.
Ach má tá féin, caithfidh duine admháil nach é dath gruaige an scríbhneora seo an t-aon rud suntasach a d’athraigh in Éirinn le 40 bliain anuas.
Tá an tírín beag seo athraithe as cuimse, agus cléireach óg ar bith a bhí i láthair nuair a tháinig Eoin Pól II anall, agus a bheadh i dteannta Phrionsias an uair seo, ní hamháin luth na gcos nó dreacht droma a thabhairfidh siad faoi deara orthu féin agus ar a gcomhghleacaithe, ach an tír iomlán ó bhun go barr, athraithe as cuimse.
In 1979 bhí cosc ar an cholscaradh, bhí cosc ar fhrithghinnúintí, nó cosc ar choiscíní, agus bhí cosc ar an ghinmhilleadh.
Bhí cosc fosta ar ndóigh ar gach aon rud a bhain le bheith homaghnéasach - bhí cosc ar gach aon rud nach raibh taobh istigh de chlúdaigh ghorma ár mbunreachta bhig, nó de chlúdaigh dhearga ár mbíobla mhóir.
Go fóill fiú san am sin bhí cuid mhaith de chúrsaí reatha na tíre á riaradh ó Mhaigh Nuad, agus bhí meas agus urraim á tabhairt don Phápa.
Bheadh ar a laghad seisear stócach óg ag freastal ar an altóir don aifreann gach Domhnach, leis na sciortaí fada bána sin, agus ar a laghad go leor sagart i ngach paróiste le freastal ag gach aifreann, gach lá den tseachtain.
Bhí an oiread sin sagart againn go raibh muid ábalta iad a easpórtáil chuig tíortha eile ina raibh ganntanas.
Thiocfadh bean thart gach cúpla seachtain agus bosca beag á iompar aici, ó sheomra ranga na naíonán go dtí na páistí móra, ag bailliú pingneacha donna do rud inteacht darb ainm ‘leprosy’.
Ach, mar a dúirt mé níos luaithe, tá Éire (bhuel na 26 Chontae) athraithe as cuimse.
Tá cead anois, beagnach, gach rud a dhéanamh a sheolfaidh caol díreach go hifreann muid ar Lá Breithe Dé, agus an bhfuil a fhios agat, is ríchuma linn.
Tá Maigh Nuad a bheag ná a mhór imithe ó mheon na sochaí mar chumhacht mhórálta nó pholaitiúil sa tír, agus tá muid ag iompórtáil sagart ó na tíortha chuig ar cuireadh iad roimhe.
Bhí sagart i nGaoth Dobhair as an India, agus Gaeilge mheasartha aige.
Bhuel, deirimse ‘measartha’ - shíl na seandaoine go raibh Gaeilge iontach aige (mar níor thuig siad oiread is focal a labhair sé, ach ar a laghad bhí cuid acu sin cleachtaithe leis an Aifreann Laidine.)
Ach cuimhnigh gur seo na daoine céanna a mbeadh meas acu ar an Phápa.
Seo na daoine céanna i nDún na nGall a vótáil i gcoinne comhionnanas pósta agus i gcoinne an tOchtú Leasú a aisghairm, agus seo na daoine céanna a chuir a gcuid mac Domhnach agus Dálach chun na haltóra le freastal ar na sagairt.
Tá Éire athraithe as cuimse, agus níl bó ná muc a thuilleadh thíos i dtóin a’ tí againn.
Níl an meas céanna ag daoine ar an Phápa ná ar na sagairt, agus tá athruithe móra eile nach iad tagtha ar ár stáitín beag le 40 bliain, le mo bhréagchuimhne féin.
Anseo ó thuaidh, bogann rudaí níos moille, ar bhealach níos réidhe, togann rudaí am anseo.
Ach le cúpla seachtain anuas, agus iarrachtaí déanta ag Arlene Foster dearcadh níos oscailte a chothú agus cuma níos séimhe a chur ar ghnuis an DUP - i dtaca le cúrsaí aeracha agus GAAracha - an mbeidh athrú inchinne ag lucht an DUP agus Arlene? cá bhfios nach mbeadh sí i láthair i bPáirc an Fhionnuisce, agus nach seasfadh sí do dheichniúr den pháidirín as Gaeilge?
Má tá Éire athraithe as cuimse, tá spás agus fairsingeacht go leor do thuilleadh athruithe.