Comhdháil na nGael ag Raidió Fáilte

Thug scaifte ionadaithe as Albain agus Manainn cuairt ar Raidió Fáilte ar na mallaibh mar chuid de Thioscadal Cholmcille Raidió Fáilte 2024, atá maoinithe tríd an Scéim Tionscadal Cholmcille de chuid Foras na Gaeilge. 

Mar chuid den chuairt áirithe seo, bhí Comhdháil na nGael á reáchtáil ag Raidió Fáilte Déardaoin seo caite. D'fhreastail Meon Eile ar an lá speisialta seo agus bhí Craoladh Beo ó An Lonnán le lucht féachana, sólaistí agus smailceanna agus sraith mhionléachtaí ó rannpháirtithe an tionscadail. 

Thosaigh an caidreamh seo bliain ó shin nuair a thug foireann Raidió Fáilte cuairt ar roinnt eagraíochtaí agus grúpaí timpeall na hAlban agus Manainn. Bhí lúcháir ar lucht Bhéal Feirste fáilte a chur roimh roinnt de na daoine céanna, an uair seo in Éirinn, agus iad a ghlacadh ar chamchuairt timpeall na tíre, ag leanstan slí Cholmcille. 

Bhí ionadaithe as Albain agus Manainn mar aíonna ar an chlár speisialta dhá uair an chloig le Séamus Mac Aindreasa agus Pól Ó Néill thíos staighre sa Lonnán, ag labhairt ina dteangacha Ceilteacha dúchais féin. Bhí an deis ag na cuairteoirí mionléachtaí a thabhairt, ag labhairt faoin obair atá ar bun acu ina gceantair féin chun an teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn. 

Aíonna iontacha a bhí iontu — teangeolaí agus teagascóir as an Bhreatain Bheag, Paul Rogers; bunaitheoirí Bhunscoill Ghaelgagh ar Oileán Mhanann, Phil Gawne agus Annie Kissack; Oifigeach Forbartha Teanga ag Culture Vannin, Ruth Keggin Gell; ceoltóir, amhránaí agus craoltóir, Mary Ann Kennedy; stiúrthóirí Chultúrlann Inbhir Nis, Norman Maclennan agus Susanne MacDonald, bunaitheoir Beinn Nibheis, siopa eadaí spóirt don taobh amuigh, Eilidh Cameron-Sykes, Ceit Langhorne le hábhar dochtúireachta ar an dinnseanchas, finnscéalaíocht agus litríocht na Gáidhlige agus ceoltóir, damhsóir agus craoltóir aitheanta as Albain, Joy Dunlop.

Ar a bharr sin, bhí ionadaithe as Béal Feirste i láthair le léacht a thabhairt ar an lá faoin obair atá ar bun acu ina n-eagraíochtaí féin - Eoghan Ó Néill ag Raidió Fáilte, Ciarán Mac Giolla Bhéin ag Fís an Phobail agus Conchuir Mac Siacais ag Fóram na nÓg.

Bhí an deis againn labhairt le Séamus faoin chaidreamh speisialta tábhachtach seo atá cothaithe, chomh maith le Paul Rogers agus Ruth Keggin Gell.

Close
Close