Cóisir Nollag na scéime cónaithe in Elms Ollscoil na Ríona

Eagraíodh oíche iontach san Ionad 'Treehouse' sna Elms, sráidbhaile na mac léinn in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, ar na mallaibh le fáilte a chur roimh an Nollaig agus roimh na mic léinn atá ina gcónaí ar an scéim cónaithe.

Is scéim í ina gcuirtear lóistín ar fáil do chainteoirí Ghaelgeoirí atá ag iarraidh a bheith ina gcónaí le Gaeil eile agus iad ar an ollscoil.

Tá an scéim cónaithe dhá bhliain ar an fhód anois - nuair a cuireadh tús leis is i hallaí i lár na cathrach a bhí na mic léinn agus anois tá teach ar leith ann don 12 mhac léinn, é suite ar Bhóthar Mhaigh Luain agus an sráidbhaile Elms ar leac an dorais acu. 

Tugadh cuireadh do Aodán 'Jaff' Mac Seáfraidh ón eagraíocht Ghaeilge Turas labhairt ar an oíche, chomh maith le Fionnuala Nic Thom as An Droichead, chun léargas a thabhairt do na mic léinn ar na deiseanna Gaeilge atá amuigh ann dóibh sa phobal mór.

Bhí Bláithín Nic a' tSithigh, Leas-Uachtarán don Ghaeilge ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn, i láthair ag an imeacht fosta.

Cuireadh píotsa ar fáil trí Ghaeilge a bhuí le Cathal Gormley ó Carro Della Pizza i dTír Eoghain. Is Gaelgeoir é Cathal agus an bheirt eile a oibríonn leis.

Labhair Meon Eile le beirt mhac léinn atá ina gcónaí i dteach na Scéime Cónaithe i mbliana, mar atá Aodh Mac Murchaidh agus Aoibh Tomany, agus le hOifigeach Tacaíochta Teanga Ollscoil na Banríona, Mark Harte. Bhí an deis againn labhairt le beirt léachtóirí de chuid an Ollscoil fosta, an Dr. Síobhra Aiken agus Veronique Altglas, a d'oibrigh go crua leis an scéim conaithe a bhunú sa chéad dul síos.

Close
Close