Bhí ócáid ar leith ar siúl ag Scoil Ghramadaí Naomh Doiminic in Iarthar Bhéal Feirste ar na mallaibh le plaic Chiorcal Staire Uladh a nochtadh in ónóir agus in ómós do Mhaighréad Nic Mhaicín, bean iontach a bhí mar scoláire ann ag tús an 19ú haois.
B’aistritheoir, scríbhneoir agus scoláire Rúisise í Maighréad. Rugadh in 1899 í ar an Chlochán Liath i nDún na nGall agus ba í an tríú páiste de naonúr Margaret agus John Macken í. Bhog an teaghlach go Baile Meánach agus ansin go Béal Feirste agus nuair a bhí sí 13 bliana d'aois, d'fhág Maighréad an scoil le dul i mbun oibre i monarcha blúsanna áitiúil. Chuir sí tús ag Naomh Doiminic nuair a bronnadh scoláireacht uirthi tamall ina dhiaidh sin ach choinnigh sí uirthi ag obair ag an mhonarcha gach Aoine.
Scoláire iontach a bhí inti agus buanna na dteangacha aici. Bhain sí céadonóracha amach sa Léann Ceilteach agus Fraincis in 1920 in Ollscoil na Banríona. Tar éis sin, bhain sí scoláireacht amach le dul i mbun Máistreacht sa Fhraincis agus san fhileolaíocht Cheilteach ag Sorbonne University i bPáras. Thosaigh sí ag foghlaim na Rúisise agus í i bPáras.
Bhí Maighréad líofa sa Fhraincis, Gearmáinis, Rúisis, agus ar ndóigh, sa Ghaeilge. Chaith sí am i nGaeltacht Rann na Feirste i nDún na nGall, áit ar stop sí i dteach an tseanchaí chlúitigh, Johnny Shéamaisín. Tá roinnt aistriúchán déanta aici ó Rúisis go Gaeilge; an dráma de chuid Chekhov, An Silín Ghort (1935); Gearr-Scéalta Cuid 1 agus roinnt gearrscéalta Turgenev, Scéalta Sealgaire. Tá aistriúcháin Gaeilge déanta aici ar phíosaí Béarla agus Fraincise fosta agus d'athfhoilsigh Coiscéim agus Pádraig Ó Snodaigh ar na mallaibh an t-aistriúchán a rinne sí ar scéalta Turgenev.
Bhog Maighréad go Baile Átha Cliath agus í níos sine, áit ar chomhbhunaigh sí an Roinn Rúiseach i gColáiste na Trionóide. D'oibrigh sí mar léachtóir ansin sula ndeachaigh sí ar scor in 1969.
Bhí Foras na Gaeilge thar a bheith bródúil as maoniú a chur ar fáil don phlaic agus as aitheantas ceart a thabhairt do Mhaighréad. Bhí an deis ag Meon Eile labhairt le hEdel Ní Chorráin ar an lá, Stiúrthóir Seirbhísí Foilsitheoireachta Foras na Gaeilge.
Labhair muid le Mary Delargy fosta, Rúnaí Chiorcal Staire Uladh, agus le Bláithín, dalta Bliain 14 as Scoil Ghradamaí Naomh Doiminic faoin inspioráid a thabharfaidh scéal Mhaighréad do dhaoine óga amach anseo.
Agus í ar an saol, mhair Maighréad trí roinnt eachtraí; bádh Titanic, An Chéad Chogadh Domhanda, Éirí Amach na Cásca, Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad in Éirinn. Bhí garpháistí Mhaighréad agus clanna a garpháistí i láthair ag an ócáid, rud a chuir go mór leis an lá. Labhair Lara Kelly thar ceann an teaghlaigh:
"Thank you to the Ulster History Circle and to St Dominic's Grammar School and the Dominican Sisters for gathering us here today to honour our maternal Grandmother, Margaret McMackin, who we called Daisy...We're very proud to have Daisy and her achievements remembered in this way. It's particularly poignant for us all after the death of our beloved mother, Maighréad, in November. We remember her today too, and we know that she would be pleased to see Daisy recognised on International Women's Day...Thank you for the opportunity to gather for a happy occasion, one we will remember. Go raibh míle maith agaibh."
Labhair leaschathaoirleach Chiorcal Staire Uladh, Eibhlín Mhic Aoidh agus Príomhoide Scoil Ghradamaí Naomh Doiminic, Mr McMaster ag an ócáid. Rinne beirt phríomhchinnirí de chuid na scoile an phlaic a nochtadh ar an lá.
Dúirt Eibhlín Mhic Aoidh linn:
"Shíl muid gur cuí go ndéanfadh scoláirí Naomh Doiminic an phlaic a nochtadh mar is eiseamláir í do na cailíní óga sa lá atá inniu ann. Léiríonn sí fosta gur oscail labhairt na Gaeilge agus foghlaim na Gaeilge doirse di, gur thug sí deis di a bheith ag taisteal agus ag foghlaim teangacha eile."