Ceirdeanna – Ag fíodóireacht le Máire Ní Thaidhg

le Seán Ó Baoill

An tseachtain seo ar ‘Ceirdeanna’ tá muid i gcroílár Chois Fharraige agus muid i mbun fíodóireachta le Máire Ní Thaidhg.

As Luimneach ó dhúchas, tá cónaí ar Mháire sa Spidéal le breis agus 30 bliain anuas. Thosaigh sí amach ag fíodóireacht mar chaitheamh aimsire, tar éis freastal ar scoil samhraidh, ach nuair a d’oscail an cheardlann ar an Spideál 30 fuair Máire ionad ann agus tá sí anois ag baint slí bheatha amach as an fhíodóireacht.

Déanann Máire seálta olla, ruganna, múrealaíne agus scarfanna den cuid is mó agus bíonn an-éileamh orthu, go háirithe i measc na dturasóirí a thagann le linn an tsamhraidh.

‘Is obair throm atá i gceist’, arsa Máire. ‘Tógann sé idir lá iomlán agus lá go leith seálta a dhéanamh, ach sin ráite tá suaimhneas bainteach leis agus pléisiúr as rud a dhéanamh le do lámha féin’.

Agus 30 bliain caite ag Máire i mbun fíodóireachta, níl plean ar bith aici éirí as am ar bith go luath agus cad chuige a n-éireoidh nuair atá sí go sona sásta san obair atá ar bun aici.

Ceirdeanna - Ag Fiodóireachta le Máire Ní Thaidhg
Close
Close