Ceiliúradh ar chúramóirí le linn Sheachtain #GladtoCare

Inniu tá tús á cur le seachtain a dhéanann ceiliúradh ar chúramóirí. Seoladh an feachtas ‘Glad to Care Week’ den chéad uair in 2018 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Bunaíodh an feachtas le gach sórt cúramóra a cheiliúradh, cúramóirí proifisiúnta nó daoine a thugann aire do bhaill teaghlaigh s’acu féin.

Is cinnte gur rud an deacair é a bheith ag tabhairt aire do daoine atá faoi mhíchumas ar bith agus tá aitheantas tuilte ag cúramóirí as an tsárobair a dhéanann siad.

Labhair Meon Eile le Dearbhlá Ní Mhadáin faoin aire a thugann sí dá haintín, Angela, a bhfuil Siondróm Down agus uathachas uirthi. Tugann Dearbhlá léargas dúinn ar an chineál cúraim a thugann sí féin agus a teaghlach d’Angela. Chuaigh Meon Eile amach ar ghnáthlá le Dearbhlá agus lena mathair agus iad ag tabhairt aire d’Angela.

Close
Close