Cartlann POBAL seolta ag An Droichead


Bhí an tÁiléar Fada i gCnoc an Anfa lán ar na mallaibh nuair a seoladh cartlann an eagrais Gaeilge POBAL ann.

Eochaireagraíocht abhcóideachta na Gaeilge a bhí sa scátheagras POBAL a bhí ar an fhód ó 1998 go 2019. Nuair a bhí ar an eagraíocht a doirse a dhruidim don uair dheireanach, tháinig deireadh lena suíomh idirlín tamall ina dhiaidh sin, rud a d'fhág nach raibh teacht ar an obair luachmhar a rinneadh i gcaitheamh na mblianta.

Tá sé sin curtha ina cheart anois mar go bhfuil cartlann POBAL - ina bhfuil tuairiscí, físeáin, moltaí agus rudaí eile lena chois - ar fáil anois ar shuíomh idirlín an lárionaid An Droichead.

Labhair muid le Phríomhfheidhmeannach An Droichead, Pól Deeds, a luaigh a thábhachtaí a bhí sé na hacmhainní seo a bheith ar fáil don phobal agus muid ag iarraidh an teanga a chothú agus cearta cainteoirí a neartú go fóill.

Labhair muid fosta le Janet Muller, Iar-Stiúrthóir POBAL, atá iontach bródúil as an obair a rinne POBAL thar bhreis agus 20 bliain agus an-áthas uirthi go bhfuil cartlann an eagrais ar fáil anois tríd an nasc leis An Droichead.

Thig leat cuairt a thabhairt ar an chartlann anseo.

Close
Close