Bunscoil an tSléibhe Dhuibh ag ceiliúradh 25 bliana ar an fhód

An tseachtain seo a chuaigh thart rinneadh ceiliúradh ar Bhunscoil Phobal Feirste in iarthar Bhéal Feirste, a bunaíodh 25 bliana ó shin.

Thiar sa bhliain 1993 d'oscail siad a ndoirse den chéad uair agus, ag an am sin, ní raibh ach seisear daltaí ann, cúpla muinteoir gan seomra nó talamh ar bith.

Bhí orthu ranganna a theagasc sna hionaid timpeall an cheantair, fiú amháin i seomra ar bharr siopa sceallóga!

Thar na 25 bliana sin, tháinig fás agus forbairt ollmhór ar an scoil agus anois tá forgneamh mór galánta acu le níos mó ná 200 dalta.

Le ceiliúradh a dhéanamh ar an cheathrú céid, tháinig na chéad daltaí sin ar ais chuig an scoil le bualadh leis na scoláirí nua atá ag tosú den chéad uair.

Bhí an scoil iomlán ann le fáilte ar ais a chur roimh na hiardhaltaí.

Bhí Meon Eile ansin chomh maith le pairt a ghlacadh sa cheiliúradh - labhair muid le beirt a bhí ann an chéad lá sin i Meán Fómhair 1993, an t-iardhalta Seosamh Mac Gabhann agus Pilib Mistéil, Príomhoide na scoile.

Comhghairdeas mór le Bunscoil an tSléibhe Dhuibh agus gach rath oraibh sna 25 bliana atá le teacht!

Close
Close