Bochtanas míosta - Déan do phillíní féin

Is é is bochtanas míosta ann ná nuair nach achmhainn do dhuine táirgí míosta a cheannach mar gheall ar an chostas atá orthu. Ar an mheán, maireann an gnáth-thimthriall míosta thart ar 5 lá. Is féidir costas £8 a bheith i gceist leis na táirgí cearta a cheannach agus bíonn deacrachtaí ag roinnt ban íoc as sin.

Labhair Dáire Ní Chanáin le Meon Eile faoi na pillíní atá cruthaithe sa bhaile aici le cuidiú le daoine a gcuid pillíní féin a dhéanamh as seanbhraillíní agus tuáillí tí. Luaigh sí an náire a bhaineann le labhairt faoi bhochtanas míosta agus nach mbíonn daoine ag iarraidh cuidiú a iarraidg le táirgí a cheannach. Tá sí ag súil go gcuideoidh na físeáin seo chun daoine a chur ar an eolas faoi na contúirtí a bhaineann leis na táirgí míchearta a úsáid agus faoi na bealaí lena gcuid acmhainní féin a dhéanamh.

Chinn rialtas na hAlban le déanaí reachtaíocht a thabhairt isteach a d'fhágfadh go mbeadh Albain ar an chéad tír ar domhan ina bhfuil táirgí míosta saor in aisce do gach duine. Céim mhór chun tosaigh a bhí ann agus beidh le feiceáil cé na chéad tíortha eile a leanfaidh an sampla.

Close
Close