Áras Uí Chonghaile - 3 bliana ar an fhód

Osclaíodh Áras Uí Chonghaile in 2019 chun léargas a thabhairt ar shaol agus ar oidhreacht an tsóisialaí chlúitigh Séamas Ó Conghaile agus le bheith mar ionad teacht le chéile do dhaoine áitiúla agus do chuairteoirí araon.

Is ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste atá an t-ionad staire suite agus meallann a iarsmalann, leabharlann, caifé, turais threoraithe agus imeachtaí éagsúla daoine as gach cearn den domhan.

Ar an 15ú Aibreán rinne Áras Uí Chonghaile ceiliúradh ar thrí bliana a bhunaithe - agus mar gheall ar an phaindéim ba é seo an chéad uair a bhíothas in ann cruinniú le chéile chun aon chlochmhíle a cheiliúradh san ionad.

Thug Meon Eile cuairt ar an ionad agus bhí am ar dóigh againn i measc an phobail. Labhair muid leis an Oifigeach Forbartha, Clíodhna Nic Bhranair, agus leis an bhainisteoir, Séanna Walsh, beirt a bhí iontach sásta leis an fhorbairt atá déanta le trí bliana anuas agus atá ag súil go mór le todhchaí an ionaid.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar https://arasuichonghaile.com/

Close
Close