An feachtas #Slayathome2020

Ar na himeachtaí a cuireadh ar ceal mar gheall ar an choróinvíreas tá BRÓD 2020. Tá go leor carthanachtaí LADTA ann mar sin nach mbeidh ag fáil an oiread céanna maoinithe ón mhórshiúl i mbliana ach tá feachtas tosaithe chun cuidiú leo.

‘#slayathome2020’ is teideal dó agus is é Cian Ó Gríofa (Gaylgeoirí ar Twitter) atá taobh thiar de. Tá Gofundme tosaithe ag Cian le sprioc €5,000 ag dul leis agus chun páirt a ghlacadh san fheachtas is féidir leat físeán a thaifeadadh díot féin agus tú i mbun gnáthobair mhaslach thart ar an teach, ach tú gléasta in éadaí galánta!

Cuir an físeán ar na meáin shóisialta leis an haischlib #slayathome2020 nó #fansabhaile2020 agus nasc don Gofundme san alt. Mairfidh an feachtas go deireadh mhí an Mheithimh, mí an bhróid.

Beidh an t-airgead uilig ag dul i dtreo ceathair charthanacht Éireannacha a dhéanann obair ar son an phobail LADTA. TENI, BeLonG To Youth Services, The Rainbow Project agus ShoutOut! Le linn COVID-19, tá sé i bhfad níos deacra ag na carthanachtaí seo a gcuid seirbhísí a chur ar fáil. Níl siad abálta bualadh le daoine agus tacú leo chomh héasca is a bhí roimhe seo agus beidh an t-airgead ina chuidiú mór dóibh. Is feidir an nasc seo a chliceáil le hairgead a dheonadh don chúis thábhachtach agus tacú leis an phobal LADTA.

Tá níos mó eolais faoi na carthanachtaí anseo:

Shoutout!TeniBeLonG To Youth Services & The Rainbow Project

Close
Close