Athoscailt na Ceathrún Gaeltachta i mBéal Feirste

I ndiaidh don rialtas comhairle a thabhairt go bhfuil cead ag gnólachtaí agus eagraíochtaí áirithe oscailt arís den chéad uair ó mhí Mharta, tá an Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste ag fáil réidh leis na doirse a oscailt.

Bhuail Meon Eile le Brónagh Fusco ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich agus le Clíodhna Nic Bhranair ó Áras Uí Chonghaile, dhá ionad Ghaelacha a bheidh ag oscailt gan mhoill 

Labhair an bheirt faoin réamhchúram a bheidh eagraíochtaí s’acu ag cur i bhfeidhm chun sábháilteacht an phobail a chinntiú. Beidh fógraí in airde, spás le lámha a ní agus treoir eile. Ach ní bheidh cead ach ag méid áirithe daoine dul isteach sna forgnimh agus ní bheidh an oiread spáis acu do dhaoine ach an oiread ó tharla an scaradh sóisialta go fóill i bhfeidhm.

Beidh Áras Uí Chonghaile ag oscailt Dé Luain 6 Iúil agus beidh an bhialann ‘Bia’ agus an siopa leabhair ‘An Ceathrú Póilí’ sa Chultúrlann le hoscailt ar an Aoine bheag seo, 3 Iúil. 

Áras Uí Chonghaile    Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich

Close
Close