An Carghas agus Litríocht Spioradálta

Sheol Foilseacháin Ábhair Spioradálta a saothar is deireanaí i Leabharlann an Chairdinéil Uí Fhiaich in Ard Mhacha ar na mallaibh.

Le filleadh an Charghais, d’fhreastail Meon Eile ar an seoladh chun earnáil an tsaothair spioradáltachta a fhiosrú. Labhair muid leis na húdair faoin sprioclucht léitheoireachta, faoin Charghas agus todhchaí na hEaglaise.

ábhar spioradálta

Cúlra

Bunaíodh Foilseacháin Ábhair Spioradálta sna 1950í faoi choimirce Ord na nÍosánach agus é mar sprioc acu ábhar creidimh agus Críostaíochta a sholáthar do phobal na Gaeilge, rud a dhéanann siad ar bhonn bliantúil go fóill.

Is faoi Ord na nÍosánach atá an iris Ghaeilge is fadbhunaithe á foilsiú. Tá ‘Timire an Chroí Ró-Naofa’ á chur i gcló trí uaire in aghaidh na bliana ó 1911 i leith.

Bíonn idir Tuataí, Cléir agus Mná Rialta ag scríobh don iris a dhíríonn ar ábhar creidimh, cultúrtha agus sóisialta.

Close
Close