An Buntáiste Breise - Ag Tógáil Páistí le Gaeilge

Tá freagracht ar Ghlór na nGael mar ghrúpa croí-mhaoinithe Gaeilge tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do theaghlaigh le Gaeilge.

Mar Bhainisteoir Forbartha Gaeilge sa Teaghlach, is é Marcas Mac Ruairí a stiúrann an obair sin.

Chinn Marcas lámhleabhar a scríobh agus a fhoilsiú do theaghlaigh atá, nó atá ag iarraidh, páistí s'acu a thógáil le Gaeilge.

Díreann an leabhar ar na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas, ar achmhainní tacaíochta agus ar a thuilleadh nach iad.

Seoladh ar na mallaibh é sa Chultúrlann i mBéal Feirste leis an údar Myra Zepf mar aoi speisialta, agus bhí Meon Eile i láthair.

Close
Close