Fuair Albert Fry, duine de sheanfhondúirí aitheanta Gaeilge Bhéal Feirste, bás an tseachtain seo caite agus é ceithre scór bliain d'aois.
Fear ildánach ab ea Albert, a raibh clú agus cáil air ar fud na hÉireann mar Ghael, ceoltóir, innealtóir agus peileadóir.
Bhí Albert ar an chéad duine as Cúige Uladh a ceapadh ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge idir 1978-79 agus bhí sé ina chathaoirleach ar Chumann Chluain Ard i mBéal Feirste ar feadh na mblianta chomh maith.
Theagasc sé na céadta foghlaimeoirí ar bhun deonach agus roinn sé a chuid saibhris agus saineolais teanga go fial le daoine de gach aois agus cúlra.
Ní hamháin go raibh Gaeilge shaibhir ar a thoil aige ach ceol binn fosta. Bhí guth galánta ag Albert agus bhí cúpla sraith cheoil aige ar theilifís RTÉ le linn na 70idí.
Is dlúth an nasc a bhí aige le muintir Rann na Feirste agus is iomaí cuairt a thug sé ar an cheantar. Ar go leor bealaí, is é Albert a bhí mar dhroichead idir muintir na Gaeltachta agus pobal Gaeilge Bhéal Feirste.
Mar fhear spóirt d'imir sé peil Ghaelach le Cumann an Phiarsaigh i dTuaisceart Bhéal Feirste agus chaith sé seal ag imirt don Chontae Aontroma ag deireadh na 50idí agus tús na 60idí.
Is mór an tionchar a d'imir ar fhorbairt an phobail agus ar fhás na Gaeilge i mBéal Feirste i gcaitheamh a shaoil. Labhair Meon Eile le Niall Ó Máirtín, Pól Mac Fheilimidh, Caoimhe Ní Chathail, Seán Mac Corraidh agus Séamas Ó Donnghaile; cuid de na daoine a raibh aithne acu ar Albert Fry i réimse leathan codanna dá shaol.
Ba mhaith linn comhbhrón ó chroí a dhéanamh le teaghlach agus gaolta Albert agus lena chairde ar fad.
Tá muid go mór faoi chomaoin ag Cumann Chluain Ard as a chuid tacaíochta leis an fhíseán seo a thaifeadadh.