Áislann Rann na Feirste ag dul ó neart go neart

Tá go leor ag dul ar aghaidh in Áislann Rann na Feirste faoi láthair agus bhuail Meon Eile isteach ar na mallaibh le fáil amach faoi chuid de na nithe atá ar siúl acu.

Labhair Oisín Mac Eó, atá ina bhainisteoir nuacheaptha ar an Áislann, linn faoin mhéid a bhíonn ar bun san ionad ó lá go lá. Ón damhsa go dtí an pheil agus karate, agus ó chlub obair bhaile go club óige, is iomaí rud a thiteann amach ann ó sheachtain go seachtain.

Is léir gur croílár an phobail é an Áislann agus gur ionad tábhachtach é do mhuintir an bhaile.

Close
Close