A haon, a dó, a trí - aip nua Ghaeilge do pháistí

'A haon, a dó, a trí' is ainm d'aip úrnua Ghaeilge do pháistí a sheol Conradh na Gaeilge Charn Tóchair le déanaí. Tá 10 n-amhrán agus rann, idir cinn thradisiúnta agus chinn aistrithe, san aip. Is í Leonne Ní Loinsigh a tháinig aníos leis an choincheap i ndiaidh dithe a thabhairt faoi deara go raibh easpa aiseanna Gaeilge ann dá páistí.

Labhair Meon Eile le Leonne atá ina hOifigeach Forbartha Gaeilge le Coiste Forbartha Charn Tóchair faoin aip agus mhínigh sí gurb é an dóigh is fearr le teanga a fhoghlaim ná tríd na hamhráin ach nach raibh a leithéid d'aip ann a chuideodh le páistí sin a dhéanamh.

Tháinig Diarmuid Ó Maolchalainn ar bord leis an taifeadadh fuime agus chuaigh siad i mbun oibre. Tá Leonne iontach buíoch de pháistí cumasacha Bhunscoil Naomh Bríd sa cheantar a chuir na rainn agus na hamhráin ar fáil don aip.

Tá níos mó eolais faoi 'A haon, a dó, a trí' le fail ar https://ancarn.org/?lang=ga agus tá an aip saor le híoslódail anois ón Apple App Store agus Google Play Store.

Close
Close