Ag fás do bhia féin!

Ag fás do bhia féin!

Katie McGreal

Tá sé ag iarraidh níos coitianta bheith ag fás do chuid bia féin anois.

Bíonn níos mó daoine á dhéanamh agus tá neart feachtas ann a iarrann orainn tabhairt faoi.

Tá aidhm ag an bhfeachtas GIY: Grow it Yourself pobal de dhaoine a fhásann a chuid bia féin a chruthú.

Tá siad ag iarraidh pobal de mhilliún duine thar 20 tír a fhásann a gcuid bia féin a fháil taobh istigh de cúig bliana.

Cuireann siad imeachtaí agus feachtais ar bun le heolas a thabhairt do dhaoine faoi gharraíodóireacht agus faoi na buntáistí a bhaineann le do chuid bia féin a fhás.

Deir siad go mbíonn daoine níos eolaí faoina gcuid bia má fhásann siad é in ionad é a cheannach.

Ach, tá an chuma air go bhfuil an-chuid ama, airgid agus spáis ag teastáil le glasraí, torthaí  agus eile a fhás.

Ní aontaíonn Mick McEvoy ón eagraíocht Groundworks NI leis an tuairim sin.

“Is féidir leat do bhia féin a fhás go han-saor,” a deir Mick.

“Ach ní bheidh tú in ann bheith féinleorga muna bhfuil an-chuid talaimh agat agus tú ag obair air go lánaimseartha.”

Ní shíleann Mick áfach gurb í an aidhm atá ag daoine sa lá atá inniu ann ná bheith neamhspleách ó thaobh bia de.

Creideann sé go mbíonn daoine ag fás a mbia féin faoi láthair toisc go mbíonn a fhios acu go bhfaigheann siad bia ar ardchaighdeán.

Tá a fhios acu cárbh as an mbia agus tá a fhios acu cad iad lotnaidicídí atá, nó nach bhfuil, istigh iontu.

“Foghlaimíonn daoine faoi na séasúir agus faoin am den bhliain atá rudaí áirithe ar fáil trí gharraíodóireacht den chineál sin,” a deir Mick.

Níl mórán spáis ag teastáil chun bia a fhás ach an oiread.

Thosaigh Groundworks NI neart gairdíní pobail i mBéal Feirste le déanaí.

Úsáideann siad suíomhanna tréigthe sa chathair chun glasraí, torthaí agus neart eile a fhás.

Fásann siad na rudaí seo i mboscaí athchúrsála – ní boscaí móra iad agus fós tá ag éirí go maith leo.

Is rud sláintiúil é garraíodóireacht freisin.

Bíonn tú ag obair taobh amuigh; faigheann tú aer úr agus vitimín D ón ngrian.

Is obair aclaíochta é.

De réir taighde, má dhéanann tú trí uair an chloig oibre sa ghairdín, faigheann tú an maitheas céanna is a fhaigheann tú as uair an chloig dian-traenáil sa ghiom.

Má chaitheann tú neart ama le plandaí, íslíonn siad brú fola agus an méid cortisol atá ionat.

Is hormón struis é cortisol.

Déanann nádúr agus plandaí maitheas do do shláinte mheabhrach freisin.

Ardaíonn sé féinmhuinín i ndaoine agus cabhraíonn sé le scileanna sóisialta daoine freisin.

Má tá páistí óga ag obair sa ghairdín go minic, forbraíonn sé cruthaitheacht iontu agus cabhraíonn sé le forbairt a dhéanamh ar a scileanna chun fadhbanna a réiteach.

Tá an feachtas Gro Mór ar siúl i 65 ionad garraíodóireachta timpeall na hÉireann.

Is feachtas é le tuilleadh daoine a chur amach sa ghairdín.

Táthar ag iarraidh go mbeidh an gharraíodóireacht agus bheith ag fás do bhia féin chomh coitianta le cócaireacht.

Go dtí seo, dhírigh siad an feachtas ar dhaoine atá i ndiaidh a gcéad teach a cheannach agus a bhfuil gairdín acu den chéad uair.

Cuireann na hionaid gharraíodóireachta comhairle agus cabhair ar fáil d’éinne atá á iarraidh.

Tá neart moltaí ar gromor.ie mar gheall ar na rudaí ba cheart duit a dhéanamh gach mí.

Tá tuilleadh eolais faoi Goundworks NI agus na gairdíní pobail ar fáil ar groundwork.org.uk agus is féidir tuilleadh a léamh faoin eagraíocht GIY: Grow it Yourself ar an suíomh giyinternational.org

Close
Close