5km do Beicí Crawford

5km do Beicí Crawford

Bliain ó shin, bhí Beicí Crawford cosúil le haon mháthair agus bean chéile eile. Bhí sí ag obair mar mhúinteoir i gColáiste Feirste agus clann óg aici.

Ach roimh an Nollaig an bhliain seo caite fuair Beicí an drochscéal go raibh ailse ae uirthi…

Chinn sí triail a bhaint as cóir leighis mhalartach nach bhfuil ar fáil ach sa Ghearmáin agus a chosnaíonn na mílte punt.

Chun cuidiú a thabhairt di agus dá teaghlach leis an chostas ard ar an chóir leighis a chlúdach, d’eagraigh Coláiste Feirste ‘An Rás Glas’ le déanaí.

Rith agus siúlóid 5km a bhí ann chun airgead a bhailiú do Bheicí agus bhí comhghleacaithe, daltaí, cairde, teaghlach agus neart daoine eile i láthair ar son na cúise.

Is féidir airgead a thabhairt go fóill do Choláiste Feirste trí theagmháil a dhéanamh le hEoghan Ó Néill: [email protected]

5KM do Beicí Crawford
Close
Close