Tháinig Gaeilgeoirí de gach cumas le chéile i gCabhán an Chaorthainn, sráidbhaile i gContae Thír Eoghain, leis an 15ú bliain d’Féile Ghaeltacht Thír Eoghain a cheiliúradh.
Cúrsa Gaeilge trí lá atá san Fhéile a bhíonn lonnaithe achan bhliain in Institiúid Ceannasaíochta na hÉireann. Tugann sé deis d’fhoghlaimeoirí an teanga a chleachtadh agus nasc a dhéanamh le cainteoirí eile.
Thug Meon Eile cuairt ar an lá deiridh den chúrsa nuair a bhí bronnadh na dteastas ar siúl. Is tábhachtach an t-aitheantas é seo do na foghlaimeoirí agus iad i ndiaidh a muinín sa teanga a fhorbairt agus iarracht ollmhór a chur isteach le linn an chúrsa, mar a dúirt Caoimhe Nic Nia, a bhí ag teagasc an mheánranga.
Tá Comhairle Ceantair Lár Uladh ar na príomh-mhaoinitheoirí atá ag an Fhéile. Labhair muid le Cathaoirleach na Comhairle Deirdre Varsani a dúirt go bhfuil an fhéile seo thar a bheith fiúntach, go háirithe don phobal áitiúil i dTír Eoghain agus go bhfuil sí féin tiomanta úsáid na Gaeilge a spreagadh sa Chomhairle.

