‘Seirbhísí teanga faoi bhagairt’ toisc ciorruithe ar Scéim Pobal Gaeilge

‘Seirbhísí teanga faoi bhagairt’ toisc ciorruithe ar Scéim Pobal Gaeilge

Maíonn grúpaí pobail Gaeilge go mbeidh a gcuid seirbhísí teanga i mbaol má leantar leis na ciorruithe agus coinníollacha úra maoinithe atá molta ag Foras na Gaeilge faoin chéad bhabhta eile den Scéim Pobal Gaeilge.

Tá Oifigeach Forbartha Gaeilge á fhostú ag 19 grúpa pobail ar an scéim reatha; 11 acu ó thuaidh agus cúig cinn acu sin i mórcheantar Bhéal Feirste.

Déanfar ciorrú 20% ar thuarastal gach Oifigeach Forbartha Gaeilge, chomh maith le ciorruithe eile ar bhuiséad an chláir imeachtaí agus ar dheontas cíosa faoin scéim nua atá le tosú ar an bhliain seo chugainn.

Ní bheidh cead ag aon ghrúpa pobail a n-éiríonn leo faoi Scéim Pobal Gaeilge 2016-2020 iarratais a dhéanamh ar scéimeanna pobail eile de chuid Fhoras na Gaeilge, i measc: scéimeanna óige, scéim na bhféilte, scéim na gcampaí samhraidh agus scéim tacaíocht do Ghrúpaí trí Ghaeilge.

Méadófar líon na ngrúpaí pobail faoin scéim nua ó 19 go 26 ar dheontas laghdaithe.

“Tá baol ann má bhaintear an t-airgead ó na grúpaí go gcaillfear seirbhísí atá á soláthar ar son an phobail,” a deir Feargal Mac Ionnrachtaigh, Cathaoirleach Fhóram na nGael, eagraíocht atá ionadaíoch ar ghrúpaí pobail i mBéal Feirste.

“Beidh ar ghrúpaí comhoibriú le grúpaí nach grúpaí Gaeilge iad chun iarratas a dhéanamh ar chuid den obair a bhí a dhéanamh acu féin cíbe – an chiall atá leis ná slad ar sheirbhísí,” arsa Mac Ionnrachtaigh.

Tá Gearóid Ó Machail ón ghrúpa pobail Cairde Teo in Ard Mhacha amhrasach faoi chur chuige na scéime nua.

“Níl bunús pleanála teanga leis na moltaí seo. Is cur chuige contúirteach atá á mholadh i dtaca le hinmharthanacht na ngrúpaí pobail agus na dtionscadal atá á gcur i bhfeidhm acu sa phobal cheana féin,” arsa Ó Machail.

Coinníollacha úra cosanta ag an Fhoras

Tá na coinníollacha úra maoinithe cosanta go láidir ag Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn.

“Ar an drochuair, má tá buiséad ag éirí níos lú agus má tá tú ag iarraidh níos mó grúpaí a bheith ann, níl ann ach aon bhealach lena dhéanamh. Tá sé an-tábhachtach go dtabharfaidh muid an deis seo do ghrúpaí eile nach bhfuil ag fáil maoiniú scéime faoi láthair,” ar seisean.

“Tá Foras na Gaeilge ag iarraidh béim a athrú sa scéim nach mbeidh achan rud ag bráth ar an oifigeach a bheas fostaithe, go mbeidh ról ag an oifigeach i gcumasú fo-ghrúpaí le seilbh a ghlacadh ar fhorbairt teanga ina gceantar féin.

“Cuid mhaith de na grúpaí atá á maoiniú faoi láthair, tá siad i ndiaidh a bheith ag fáil maoinithe le suas le deich mbliana. Caithfidh muid tógáil ar an infheistíocht sin ach caithfidh muid ligint do phobail úra atá i ndiaidh theacht chun cinn buntáiste a fháil as an mhaoiniú fosta," a dúirt Ó Coinn.

Agallamh le Seán Ó Coinn

Cúlra na scéime

Bunaíodh Scéim Pobal Gaeilge i 2006 leis an Ghaeilge ‘a chur chun cinn, a chothú agus a bhuanú ar bhonn pobail.’ Le bheith incháilithe cur isteach ar an scéim, ní mór d’eagraíocht a bheith ina ghrúpa pobail lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht agus struchtúr cuí bainistíochta a bheith acu.

Ba ghnách gur fógraíodh an scéim achan trí bliana. Is ionann na 19 grúpaí pobail atá ag feidhmiú ó bhabhta 2011-2013 as siocair chinneadh an Fhorais gan leanúint le Scéim Pobail Gaeilge 2014 – 2016. Tá na grúpaí pobail a bhfuil Oifigeach Forbartha Gaeilge fostaithe acu ag feidhmiú ar shíniú ama gearrthréimhse ó 2014 i leith.

Cad iad na grúpaí ar Scéim Pobal Gaeilge?

Scéim Phobail Gaeilge 2011 - 2013
Scéim Phobail Gaeilge 2011 - 2013

D’fhógair Foras na Gaeilge Scéim Pobal Gaeilge 2014 – 2016 agus leathnú tíreolaíoch na scéime mar sprioc neamh-leithscéalach acu ag an am. Le linn an phróisis tairisceana úd, lorg an Foras iarratais ó ghrúpaí pobail i 17 contae nár éirigh leo ar an scéim cheana.

Rinne 34 grúpaí pobal (ceithre cinn ó chontaetha úra) iarratas ar an scéim agus rinneadh measúnú ar a n-iarratas don tréimhse maoinithe 2014 – 2016.

Chinn Bord Fhoras na Gaeilge gan leanúint le Scéim Pobal Gaeilge 2014 – 2016 nuair nár ‘tharla na hathruithe a rabhthas ag súil leo i réim gheografach na scéime i dtoradh an phróisis mheasúnaithe ar na hiarratasóirí a fuarthas agus shocraigh Bord Fhoras na Gaeilge ina dhiaidh sin gan aon bhronnadh a dhéanamh faoin mbabhta áirithe seo den scéim.’

I ndiaidh scéim 2014 – 2016 a chealú, bhronn Foras na Gaeilge síntí ama gearrthréimhse ar na 19 grúpaí ó bhabhta 2011 – 2013 agus thósaigh siad ar phróiseas comhairliúcháin phoiblí an geimhreadh seo caite.

Cuireadh torthaí an phróisis chomhairliúcháin faoi bhráid an Bhoird i dtús an earraigh inar tugadh le fios nach raibh 69% d’fhreagróirí i bhfách le leathnú geografach na scéime.

I dtús an gheimridh, thug an Comhairle Aireachta Thuaidh Theas a mbeannacht d’Fhoras na Gaeilge leanúint le plean nua do Scéim Pobal Gaeilge 2016 – 2020, ar fiú €4 milliún é.

Deir Leas-Phríomhfheidhmeannach an Fhorais nach mbeadh ‘leathnú geografach’ mar chritéir marcála acu agus measúnú á dhéanamh ar iarratais don scéim nua.

Fóram na nGael le gabháil i mbun stócaireachta

Agallamh le Feargal Mac Ionnrachtaigh

“Tá súil ag Fóram na Gaeilge stocaireacht a dhéanamh ar pholaiteoirí faoi chiorruithe an Fhorais agus iad ar lorg athruithe ar théarmaí an mhaoinithe," a deir Feargal Mac Ionnrachtaigh.

“An rud is ciotaí go mbeidh daoine ag obair ceithre lá sa tseachtain. Tá tú ag caint faoi chiorruithe ar thurais Ghaeltachta, ranganna oíche, cumainn iarscoile, cumainn óige, féilte samhraidh. Bheadh sin ar fad imithe i dtéarmaí maoinithe de.

“An argóint atá le cur go mbeidh an Foras ar lorg buiséid atá inmharthana agus a chuireann leis an obair atá déanta agus a dhéanann todhchaí inmharthana do na heagraíochtaí agus na seirbhísí a chuireann siad ar fáil,” ar seisean.

Tá iarratas ar Scéim Pobal Gaeilge 2016 – 2020 le bheith istigh roimh 17 Nollaig.

Close
Close