Uachtarán Gaelach ceaptha ag Aontas na Mac Léinn, Coláiste Ollscoile Naomh Muire

Ceapadh Clodagh Ní Mháirtín ina hUachtarán ar Aontas na Mac Léinn i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste, ar na mallaibh.

Thug Clodagh agus an Leas-Uachtarán Conor Stinton faoi fheachtas ar líne don toghchán mar gheall nach raibh na mic léinn ar champas na hollscoile i mbliana. Chruthaigh siad leathanach Instagram agus d’éirigh leo tacaíocht a fháil ó neart daoine, an dornalaí cáiliúil Paddy Barnes ina measc.

Is iomaí sprioc ag Clodagh agus í ag toiseacht amach ina ról nua ach tá sí ag tabhairt tús áite don mheabharshláinte, rud a shíleann sí is ceart a dhéanamh go háirithe de bharr thionchar na paindéime.

Níl dearmad déanta ag Clodagh ar an Ghaeilge ina cuid spriocanna ach an oiread agus tá sí ag súil le bheith ag obair le Lusaí Nig Oirc a ceapadh ina hOifigeach Gaeilge d’Aontas na Mac Léinn. Oibreoidh siad le chéile chun an teanga a chur chun cinn do gach mac léinn, a deir Lusaí.

Close
Close