Teangacha á gcur chun cinn ag Bunscoil na mBráithre Críostaí in Ard Mhacha

Rinneadh ceiliúradh ar Lá Eorpach na dTeangacha ar fud na hEorpa ar na mallaibh. Ar an lá seo cuirtear béim ar an éagsúlacht chultúrtha agus teanga atá againn ar an mhór-roinn seo.

Chuige sin chuaigh Gael Linn i gcomhar leis an scéim Gaelbhratach le sprioc ar leith a bhaint amach. An sprioc a bhí ann ná an oiread páistí bunscoile agus is féidir a mhealladh le bheith páirteach i gceacht Gaeilge ar an lá céanna.

Ceann de na scoileanna a raibh páirt acu san imeacht ná Bunscoil na mBráithre Críostaí in Ard Mhacha. Is sampla maith iad den sprioc atá ag Gael Linn mar go bhfuil sruth Gaeilge chomh maith leis an ‘Máthairscoil’ ann agus go gcothaíonn siad an caidreamh idir an dá shruth le go mbeidh cumas láidir sna teangacha ag gach aon pháiste sa scoil.

Thug Meon Eile cuairt ar Bhunscoil na mBráithre Críostaí ar na mallaibh nuair a bhí lá mór imeachtaí Gaeilge ar siúl ar fud na scoile. Bhí P1 agus R1 le chéile le ‘Má Tá Tú Sona Sásta Bualadh Bos’ a fhoghlaim, bhí P5 agus R5 ag déanamh an ‘Cha Cha Slide’ agus bhí cuid mhór eile ar bun ag gach aon rang!

Labhair Meon Eile le Séamas Mac Eochaidh ó Gael Linn faoi na fadhbanna atá ann in Éirinn ó thaobh theagasc na dteangacha de in earnáil an Bhéarla agus na buntáistí a bhaineann le teanga bhreise a fhoghlaim ag aois na bunscoile. Labhair muid leis an Mhúinteoir Ó Duibh agus Mrs. Colleran fosta faoin dá thaobh den scoil agus na rudaí a dhéanann siad leis na páistí agus na múinteoirí a tabhairt le chéile, sin agus an dóigh ar chuidigh Lá Eorpach na dTeangacha leis seo.

Dár ndóighe, chuala muid ó na daltaí féin ón mháthairscoil agus ón sruth Gaeilge faoi na himeachtaí a rinne siad mar chuid den lá seo agus na rudaí a d’fhoghlaim siad. Is léir ó na himeachtaí ar fad go bhfuil caidreamh láidir ann idir an dá thaobh de Scoil na mBráithre Críostaí agus go bhfuil dúil ag gach dalta a bheith ag foghlaim agus ag teagasc fosta!

Close
Close